|
+Airteagal 33 2. |
Airteagal 33 2.I gcásanna seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagail 46, 47, 49 agus 54 de Threoir (AE) 2024/1640, iarrfaidh maoirseoir airgeadais cúnamh ar an Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina gceanglaítear le foráil de dhlí an Aontais go dtiocfaidh an maoirseoir airgeadais sin ar chomhaontú, ar shocrú nó ar chomhar de chineál eile atá bunaithe nó curtha ar bhonn foirmiúil, le maoirseoir airgeadais eile, a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha neamhroghnaithe faoi oibleagáid, agus i gcásanna ina dtarlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
gur thángthas ar an gcomhaontú ach nár chuir ceann de na páirtithe i bhfeidhm go héifeachtach é nó nár chloígh sé leis;
(b)
gurb é conclúid maoirseora airgeadais, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla, go bhfuil easaontas ann;
(c)
go bhfuil 2 mhí caite ón dáta a fuair maoirseoir airgeadais iarraidh ó mhaoirseoir airgeadais eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an maoirseoir iarrtha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|