+Airteagal 35 1.

Airteagal 35 1.

Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tráthrialta ar chuid de ghníomhaíochtaí na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, nó orthu go léir, chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht i dtorthaí maoirseachta a neartú. Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na maoirseoirí seach-airgeadais a ndéanfar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. I gcás inarb ábhartha, agus measúnuithe á bpleanáil agus á ndéanamh, tabharfar aird chuí ar na meastóireachtaí, ar na measúnuithe agus ar na tuairiscí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse AML/CFT. Féadfar aird chuí a thabhairt sna measúnuithe freisin ar an bhfaisnéis atá i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT arna bhunú de bhun Airteagal 11 den Airteagal seo.

Cuirfear san áireamh sna modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír gnéithe sonracha an chreata maoirseachta i gcásanna ina gcuirtear maoirseacht de chúram ar chomhlachtaí féinrialála, lena n-áirítear ról an údaráis phoiblí atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin de bhun Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, agus saintréithe sonracha na maoirseoirí sna cásanna sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.