+Airteagal 35
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.
---+Airteagal 35 8.
---+Airteagal 35 9.
|
Airteagal 35
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tráthrialta ar chuid de ghníomhaíochtaí na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, nó orthu go léir, chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht i dtorthaí maoirseachta a neartú. Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na maoirseoirí seach-airgeadais a ndéanfar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. I gcás inarb ábhartha, agus measúnuithe á bpleanáil agus á ndéanamh, tabharfar aird chuí ar na meastóireachtaí, ar na measúnuithe agus ar na tuairiscí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse AML/CFT. Féadfar aird chuí a thabhairt sna measúnuithe freisin ar an bhfaisnéis atá i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT arna bhunú de bhun Airteagal 11 den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh sna modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír gnéithe sonracha an chreata maoirseachta i gcásanna ina gcuirtear maoirseacht de chúram ar chomhlachtaí féinrialála, lena n-áirítear ról an údaráis phoiblí atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin de bhun Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, agus saintréithe sonracha na maoirseoirí sna cásanna sin.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Déanfaidh foireann an Údaráis athbhreithnithe piaraí i gcomhpháirt leis an bhfoireann ábhartha de chuid na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh sé teoranta dóibh sin amháin:
(a)
leorgacht na gcumhachtaí agus na n-acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla, méid an neamhspleáchais, agus na socruithe rialachais agus na caighdeáin ghairmiúla de chuid an mhaoirseora seach-airgeadais chun cur i bhfeidhm éifeachtach Chaibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640 a áirithiú;
(b)
an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;
(c)
cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag maoirseoirí seach-airgeadais a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do mhaoirseoirí seach-airgeadais eile dá nglacfaí iad;
(d)
an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí airgid arna bhforchur agus na bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéanfar na forálacha sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 35 4.
|
Ullmhóidh an tÚdarás tuairisc ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na maoirseoirí seach-airgeadais agus na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2024/1640 a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí an tuairisc athbhreithnithe piaraí sin a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a fháil maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuairisc ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 54 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 55 den Rialachán seo. Déanfaidh na maoirseoirí seach-airgeadais agus na húdaráis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640 a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí eisithe a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 54(3) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 35 5.
|
Foilseoidh an tÚdarás fionnachtana an athbhreithnithe piaraí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi ar a laghad. Cuirfidh sé tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go mbreithníonn sé gur ghá rialacha an Aontais is infheidhme maidir le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais nó maidir le maoirseoirí seach-airgeadais a chomhchuibhiú tuilleadh ó thaobh an Aontais de.
|
|
Airteagal 35 6.
|
Cuirfidh an tÚdarás tuairisc leantach ar fáil 2 bhliain tar éis fhoilsiú na tuairisce athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na maoirseoirí seach-airgeadais a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú piaraí an tuairisc leantach a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a fháil, maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Cuimseofar sa tuairisc leantach measúnú ar leorgacht agus ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rinne na maoirseoirí seach-airgeadais a bhí faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuairisce athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh an tÚdarás fionnachtana na tuairisce leantaí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 35 7.
|
Chun críocha an Airteagail seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean oibre athbhreithnithe piaraí gach 2 bhliain, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. Léireofar sa phlean oibre athbhreithnithe piaraí sin na ceachtanna a foghlaimíodh ó phróisis athbhreithnithe piaraí roimhe sin agus ón bplé a rinneadh sa Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, a cheangal ar an mBord Feidhmiúcháin plean nua a ghlacadh. Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh sa phlean oibre d’athbhreithniú piaraí, agus áireofar sa doiciméad clársceidealaithe aonair é dá dtagraítear in Airteagal 65. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás a chinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.
|
|
Airteagal 35 8.
|
I gcás ina mbaineann athbhreithnithe piaraí le gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann comhlachtaí féinrialála i mBallstát amháin nó níos mó, áireofar san athbhreithniú piaraí measúnú ar bhearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640 ag an údarás poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhm go leormhaith agus go héifeachtach.
|
|
Airteagal 35 9.
|
I gcás ina mbaineann athbhreithnithe piaraí le gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann comhlachtaí féinrialála i mBallstát amháin nó níos mó ná sin, ní cheanglófar ar na comhlachtaí féinrialála sin a bheith rannpháirteach. Mar sin féin, i gcás ina léiríonn siad gur spéis leo a bheith rannpháirteach in athbhreithniú piaraí, beidh cead ag foireann na gcomhlachtaí sin a gcuirtear cúraimí maoirseachta ar a n-iontaoibh a bheith rannpháirteach san athbhreithniú piaraí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|