+Airteagal 49
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.

Airteagal 49

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1.
I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh. An tráth céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Beidh na caighdeáin theicniúla rialála teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus beidh a n-inneachar teoranta ag na gníomhartha reachtacha ar a bhfuil siad bunaithe.

Sula dtíolacfaidh an tÚdarás chuig an gCoimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn ar leith atá ag baint leis an ábhar.

Laistigh de 3 mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil rialála a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh é a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí. Féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh go páirteach amháin, nó le leasuithe, i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh nó é a ghlacadh go páirteach nó le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, agus míneoidh sé cén fáth nach nglacann sé é nó míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh.

Seolfaidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe arna moladh ag an gCoimisiún agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin 6 seachtaine, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó go bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha, nó féadfaidh sé diúltú dó.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 49 2.
I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún an dréacht sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Mura féidir leis an Údarás an teorainn ama nua sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin in am trátha.
Airteagal 49 3.
I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh chuig an gCoimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe gan dréacht a bheith faighte aige ón Údarás.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó i ndáil leis an bpráinn ar leith atá ag baint leis an ábhar.

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún a dhréachtchaighdeán teicniúil rialála chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe atá molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha. Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar an dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 49 4.
Déanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ le feiceáil sa teideal atá ar na rialacháin nó ar na cinntí sin. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.