+Airteagal 53
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.

Airteagal 53

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Is caighdeáin theicniúla a bheidh sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus is é an t-inneachar a bheidh iontu na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin a chinneadh. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh. An tráth céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn ar leith a bhaineann leis an ábhar.

Laistigh de 3 mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí. Ní fhéadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh go páirteach, nó le leasuithe, ach amháin i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh nó i gcás ina mbeartaíonn sé é a ghlacadh go páirteach nó le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé ar intinn aige é a ghlacadh nó míneoidh sé na cúiseanna atá aige leis na leasuithe a dhéanamh. Seolfaidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó go bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha nó féadfaidh sé diúltú dó.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 53 2.
I gcás nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha ag an Údarás laistigh den teorainn ama a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún an dréacht sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Mura féidir leis an Údarás an teorainn ama nua sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin in am trátha.
Airteagal 53 3.
I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte aige ón Údarás.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó i ndáil leis an bpráinn ar leith a bhaineann leis an ábhar.

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm tuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, nach bhfuil dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse 6 seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe atá molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 53 4.
Déanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ le feiceáil sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.