|
+Airteagal 76 3. |
Airteagal 76 3.Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ioncam an Údaráis comhdhéanta de mheascán de na foinsí seo a leanas:
(a)
ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;
(b)
na táillí a íocann na heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 77, le haghaidh cúraimí a luaitear in Airteagal 5(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) go (d), (f) agus (g).
(c)
aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;
(d)
muirir chomhaontaithe le haghaidh foilseachán, agus le haghaidh oiliúna agus aon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna FIU amháin nó níos mó nó a gcontrapháirtithe i dtríú tíortha nó údaráis neamh-AML/CFT iad a iarraidh go sonrach;
(e)
cistiú a d’fheadfadh an tAontas a thabhairt i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 81 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtacaítear le beartais an Aontais. Déanfar méid agus tionscnamh aon ioncaim dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b), (c), (d) agus (e), den mhír seo a áireamh i gcuntais bhliantúla an Údaráis agus déanfar iad a mhionsonrú go soiléir sa tuairisc bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 80(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|