+Airteagal 76
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.

Airteagal 76

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 76 1.
Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Údaráis gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad an Údaráis iad.
Airteagal 76 2.
Beidh buiséad an Údaráis comhardaithe ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.
Airteagal 76 3.

Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ioncam an Údaráis comhdhéanta de mheascán de na foinsí seo a leanas:

(a) 

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b) 

na táillí a íocann na heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 77, le haghaidh cúraimí a luaitear in Airteagal 5(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) go (d), (f) agus (g).

(c) 

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(d) 

muirir chomhaontaithe le haghaidh foilseachán, agus le haghaidh oiliúna agus aon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna FIU amháin nó níos mó nó a gcontrapháirtithe i dtríú tíortha nó údaráis neamh-AML/CFT iad a iarraidh go sonrach;

(e) 

cistiú a d’fheadfadh an tAontas a thabhairt i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 81 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtacaítear le beartais an Aontais.

Déanfar méid agus tionscnamh aon ioncaim dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b), (c), (d) agus (e), den mhír seo a áireamh i gcuntais bhliantúla an Údaráis agus déanfar iad a mhionsonrú go soiléir sa tuairisc bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 76 4.
Cuirfear luach saothair foirne, costais riaracháin agus bonneagair agus costais oibríochtúla san áireamh i gcaiteachas an Údaráis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.