De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh Cathaoirleach an Údaráis agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (b), ar comhchéim le Comhalta agus Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta, faoi seach, maidir le díolaíochtaí agus aois inphinsin, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle (
17
). Maidir le gnéithe nach bhfuil cumhdaithe faoin Rialachán seo ná faoi Rialachán (AE) 2016/300, beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile de réir analaí.