+Airteagal 95
---+Airteagal 95 1.
---+Airteagal 95 2.
---+Airteagal 95 3.
---+Airteagal 95 4.
|
Airteagal 95
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 95 1.
|
Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis AML/CFT i dtríú tíortha ag a bhfuil inniúlachtaí rialála agus maoirseachta agus inniúlachtaí a bhaineann le FIU i réimse AML/CFT chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus riaracháin tríú tír. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil ó shocruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.
|
|
Airteagal 95 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt d’fhonn cleachtais chomhsheasmhacha, éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú san Aontas agus d’fhonn comhordú agus comhar idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh ML/TF a threisiú. Déanfaidh údaráis phoiblí agus FIUnna a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.
|
|
Airteagal 95 3.
|
I gcásanna ina mbaineann an idirghníomhaíocht idir roinnt údarás maoirseachta de chuid an Aontais agus FIUnna ar thaobh amháin agus údaráis tríú tír ar an taobh eile le hábhair laistigh de raon feidhme chúraimí an Údaráis a leagtar amach in Airteagal 5, beidh ról ceannasach ag an Údarás chun an idirghníomhaíocht sin a éascú i gcás inar gá. Beidh ról sin an Údaráis gan dochar d’idirghníomhaíochtaí tráthrialta na n-údarás maoirseachta agus FIUnna le húdaráis tríú tír.
|
|
Airteagal 95 4.
|
Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de na cumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), rannchuidiú le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach ar leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt don Choimisiún lena chúraimí a bhaineann le comhaltas an Choimisiúin sa Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus trí thacú le hobair agus le cuspóirí Ghrúpa Egmont d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|