9. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, ar aon ghníomh a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme maidir le táirgí atá curtha ar an margadh acu a dhíothú, agus go háirithe chun na táirgí a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.