+Airteagal 7 Oibleagáidí na monaróirí
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
---+Airteagal 7 6
---+Airteagal 7 7
---+Airteagal 7 8
---+Airteagal 7 9
|
Airteagal 7 Oibleagáidí na monaróirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Nuair a chuirfidh siad a gcuid táirgí ar an margadh, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh na táirgí i gcomhréir le n ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus cuirfidh siad i gcrích an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó cuirfear i gcrích é thar a gceann.
I gcás ina léirítear, de bhun an nós imeachta sin, go bhfuil na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme á gcomhlíonadh ag táirge, déanfaidh monaróirí dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a ullmhú agus an comhartha CE a ghreamú de.
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE go ceann 5 bliana ó chuirtear an táirge ar an margadh.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach leis an Treoir seo i gcónaí. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla ar trína mbíthin a dhearbhaítear comhréireacht an táirge.
|
|
Airteagal 7 5
|
5. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, nó sraithuimhir, nó eilimint eile lena gceadaítear, iad a aithint ar a dtáirgí, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó chineál an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.
|
|
Airteagal 7 6
|
6. Léireoidh monaróirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála, nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní foláir pointe singil ag a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a chur in iúl sa seoladh. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.
|
|
Airteagal 7 7
|
7. Áiritheoidh monaróirí go bhfuil treoracha agus faisnéis ag gabháil leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Beidh treoracha agus faisnéis den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, intuisceana agus intuigthe.
|
|
Airteagal 7 8
|
8. Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. I gcásanna den sórt sin, coimeádfaidh monaróirí clár de na táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus de na gearáin ghaolmhara.
|
|
Airteagal 7 9
|
9. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, ar aon ghníomh a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme maidir le táirgí atá curtha ar an margadh acu a dhíothú, agus go háirithe chun na táirgí a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0882
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|