5. Dáileoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis lena chreidiúint, nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Treoir seo, áiritheoidh siad go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.