+Airteagal 10 Oibleagáidí na ndáileoirí
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
|
Airteagal 10 Oibleagáidí na ndáileoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Agus táirge á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na ceanglais na Treorach seo.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Sula gcuirfear táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil comhartha CE ar an táirge, go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear agus na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile sa Bhallstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh a thuiscint go héasca, agus fíoróidh siad freisin gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(4) faoi seach.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. I gcás ina measfaidh dáileoir, nó a bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na treorach seo, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ar fáil ar an margadh nó go dtugtar chun comhréireachta é. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir mar aon leis na húdaráis um fhaireachais margaidh ar an eolas faoi sin.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Áiritheoidh dáileoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair an chaoi a gcomhlíonann sé na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme i mbaol.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Dáileoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis lena chreidiúint, nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Treoir seo, áiritheoidh siad go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil dó. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéantar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme a bhaineann le táirgí atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0882
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|