3. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha an measúnú dá dtagraítear i mír 2 a dhoiciméadú. Coinneoidh na hoibreoirí eacnamaíocha na torthaí ábhartha go léir ar feadh tréimhse 5 bliana a ríomhfar ón táirge a chur ar fáil ar an margadh den uair dheireanach nó tar éis an tseirbhís a chur ar fáil den uair dheireanach; de réir mar is infheidhme. Arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachas an mhargaidh nó do na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil, mar is infheidhme, cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha cóip den mheasúnú dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na húdaráis.