5. San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4, beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an táirge, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus na ceanglais inrochtaineachta nach gcomhlíonann an táirge iad, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh, agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl cibé an é aon cheann den dá ní seo is cúis leis an neamh-chomhlíonadh:
|
(a)
|
go mainníonn an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme;
|
|
(b)
|
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 15 agus lena mbronntar toimhde comhréireachta.
|