1. I gcás, ach a gcríochnófar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(3) agus (4), ina ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát, nó ina bhfuil fianaise réasúnta ag an gCoimisiún a thugann le fios go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.