4. I gcás ina measfar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a leagan de mhilleán ar easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20(5), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme gan mhoill lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na sonraíochtaí theicniúla sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).