1. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit idirthréimhse dar críoch an 28 Meitheamh 2030 ar fáil; idir an dá linn, féadfaidh soláthraithe seirbhíse a gcuid seirbhísí a sholáthar agus táirgí a úsáid a bhí in úsáid go dleathach acu go dtí sin d’fhonn seirbhísí comhchosúla a chur ar fáil.
Féadfaidh conarthaí seirbhíse, a comhaontaíodh roimh 28 Meitheamh 2025, leanúint ar aghaidh gan athrú go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll nach faide sin ná 5 bliana tar éis an dáta sin.