+Airteagal 19 3
|
Airteagal 19 3
3. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil:
|
(a)
|
tacú leis an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit an acmhainneacht atá acu a threisiú maidir le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil a áirithiú i gcomhréir leis an Treoir seo;
|
|
(b)
|
anailís a dhéanamh ar na straitéisí chun na dea-chleachtais i ndáil leis na straitéisí a shainaithint;
|
|
(c)
|
malartú dea-chleachtas maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(1) a éascú, lena n-áirítear maidir le spleáchais trasteorann agus trasearnála agus maidir le rioscaí agus teagmhais;
|
|
(d)
|
i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Treoir seo le doiciméid a bhaineann le hathléimneacht ar leibhéal an Aontais;
|
|
(e)
|
rannchuidiú le hullmhú na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus in Airteagal 13(5) agus, arna iarraidh sin, le hullmhú aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh de bhun na Treorach seo;
|
|
(f)
|
anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha achoimre dá dtagraítear in Airteagal 9(3) d’fhonn comhroinnt dea-chleachtas a chur chun cinn maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15(3);
|
|
(g)
|
dea-chleachtais a mhalartú a bhaineann le fógra a thabhairt faoi theagmhais dá dtagraítear in Airteagal 15;
|
|
(h)
|
na tuarascálacha achoimre ó mhisin chomhairleacha agus na ceachtanna a foghlaimíodh i gcomhréir le hAirteagal 18(10);
|
|
(i)
|
faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le nuálaíocht, taighde agus forbairt a bhaineann le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil i gcomhréir leis an Treoir seo;
|
|
(j)
|
i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le hábhair a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil, a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022L2557
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|