|
+Airteagal 25 Tuairisciú agus athbhreithniú |
Airteagal 25 Tuairisciú agus athbhreithniúAirteagal 25 Tuairisciú agus athbhreithniú Déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Iúil 2027, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne gach Ballstát na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar bhreisluach na Treorach seo, ar a thionchar maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir a mhodhnú. Tíolacfaidh an Coimisiún an chéad tuarascáil faoin 17 Meitheamh 2029. Chun críche tuairiscithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún doiciméid ábhartha an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|