+Airteagal 12 Modhnú ar pháipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní agus ar chumarsáid mhargaíochta fhoilsithe
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 12 9.
|
Airteagal 12 Modhnú ar pháipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní agus ar chumarsáid mhargaíochta fhoilsithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, modhnóidh siad a bpáipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, a gcumarsáid mhargaíochta fhoilsithe, aon uair atá toisc nua shuntasach, botún ábhartha nó míchruinneas ábhartha ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú na gcripteashócmhainní. Beidh feidhm ag an gceanglas sin ar feadh ré na tairisceana don phobal nó chomh fada a ligtear an chripteashócmhainn isteach chun a trádála.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, tabharfaidh siad fógra faoin bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, faoi chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, agus faoin dáta foilsithe atá beartaithe, d’údarás inniúil a mBallstáit baile, lena n-áirítear na cúiseanna le modhnú den sórt sin, 7 lá oibre ar a laghad sula bhfoilseofar iad.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Ar dháta an fhoilsithe, nó níos luaithe má éilíonn an t-údarás inniúil é, cuirfidh an tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir an ardáin trádála an pobal ar an eolas láithreach ar a shuíomh gréasáin go bhfuil fógra faoi pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní tugtha aige d’údarás inniúil a Bhallstáit baile agus soláthróidh sé achoimre ar na cúiseanna ar thug sé fógra faoi pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Beidh ord na faisnéise i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, i gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó sa chumarsáid mhargaíochta a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 9.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Laistigh de 5 lá oibre ón bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, ón gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta a fháil, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoin bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, faoin gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta d’údarás inniúil na mBallstát óstach dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus cuirfidh sé an fógra agus an dáta foilsithe in iúl do ESMA. Déanfaidh ESMA an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a chur ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(2), tráth a fhoilsithe.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó oibreoirí ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, foilseoidh siad an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, lena n-áirítear na cúiseanna le modhnú den sórt sin, ar a suíomh gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 9.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Beidh stampa ama ar an bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta. Marcálfar an páipéar bán modhnaithe is déanaí maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta mar an leagan is infheidhme. Beidh na páipéir bhána mhodhnaithe ar fad maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta ar fad ar fáil chomh fada agus atá na cripteashócmhainní á sealbhú ag an bpobal.
|
|
Airteagal 12 8.
|
I gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le comhartha fóntais lena dtugtar rochtain ar earraí agus seirbhísí nach bhfuil ann go fóill nó nach bhfuil ag feidhmiú go fóill, ní fhadófar an teorainn ama de 12 mhí dá dtagraítear in Airteagal 4(6) leis na hathruithe a dhéantar sa pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta.
|
|
Airteagal 12 9.
|
Leanfaidh leaganacha níos sine den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus den chumarsáid mhargaíochta de bheith ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na dtairgeoirí, na ndaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí na n-ardán trádála, go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis dháta foilsithe na leaganacha níos sine sin, agus rabhadh feiceálach leo á rá nach bhfuil siad bailí a thuilleadh agus le hipearnasc chuig an roinn thiomnaithe ar an suíomh gréasáin ina bhfoilsítear an leagan is déanaí de na doiciméid sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|