|
+Airteagal 18 5. |
Airteagal 18 5.Chun críocha mhír 2, pointí (i) agus (j), soláthróidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha is iarratasóir cruthúnas ar gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
i gcás gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, easpa taifead coiriúil i leith ciontuithe nó easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, an dlí dócmhainneachta agus an dlí seirbhísí airgeadais, nó maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, le calaois nó le dliteanas gairmiúil;
(b)
go bhfuil an t-eolas iomchuí, scileanna iomchuí agus taithí iomchuí ag comhaltaí chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha is iarratasóir chun eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine sin dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a dhéanamh;
(c)
i gcás na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí uile, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu san eisitheoir is iarratasóir, easpa taifead coiriúil i leith ciontuithe agus easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, an dlí dócmhainneachta agus an dlí seirbhísí airgeadais, nó maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, le calaois nó le dliteanas gairmiúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|