|
+Airteagal 19 6. |
Airteagal 19 6.Beidh achoimre sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 5, ina dtabharfar, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó faoi ligean isteach an chomhartha sócmhainn-tagartha sin chun a thrádála atá beartaithe. Beidh an achoimre sothuigthe agus déanfar í a chur i láthair agus a leagan amach i bhformáid shoiléir chuimsitheach, agus úsáid á baint as carachtair atá inléite ó thaobh méide de. San achoimre ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, tabharfar faisnéis iomchuí faoi shaintréithe an chomhartha sócmhainn-tagartha lena mbaineann chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha an chomhartha sócmhainn-tagartha sin cinneadh feasach a dhéanamh. Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:
(a)
ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(b)
ba cheart don sealbhóir ionchasach aon chinneadh maidir le ceannach an chomhartha sócmhainn-tagartha a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní ina iomláine agus níor cheart dó aon chinneadh den sórt sin a bhunú ar an achoimre amháin;
(c)
ní hionann an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus tairiscint nó sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a cheannach agus ní féidir an tairiscint nó an tsirtheoireacht sin a dhéanamh ach amháin trí bhíthin réamheolaire nó doiciméid tairisceana eile de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;
(d)
ní hionann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus réamheolaire amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ná aon doiciméad tairisceana eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta. Luafar san achoimre go bhfuil ceart fuascailte ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha tráth ar bith, agus na coinníollacha maidir le fuascailt den sórt sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|