+Airteagal 19 Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comharthaí sócmhainn-tagartha
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
---+Airteagal 19 9.
---+Airteagal 19 10.
---+Airteagal 19 11.
|
Airteagal 19 Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comharthaí sócmhainn-tagartha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn II, i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comhartha sócmhainn-tagartha:
(a)
faisnéis faoi eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha;
(b)
faisnéis faoin gcomhartha sócmhainn-tagartha;
(c)
faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó faoina ligean isteach chun a thrádála;
(d)
faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha;
(e)
faisnéis faoin mbunteicneolaíocht;
(f)
faisnéis faoi na rioscaí;
(g)
faisnéis faoin gcúlchiste sócmhainní;
(h)
faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun an comhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint.
Áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine seachas an t-eisitheoir a thairgeann comhartha sócmhainn-tagartha don phobal nó a iarrann go ligfí isteach é chun a thrádála de bhun Airteagal 16(1), an dara fomhír, agus an chúis a dtairgeann an duine áirithe sin an comhartha sócmhainn-tagartha sin nó a n-iarrann go ligfí isteach é chun a thrádála. I gcásanna nach é an t-eisitheoir a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine a tharraing suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus an chúis ar tharraing an duine áirithe sin suas é.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Beidh an fhaisnéis uile a liostaítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus cuirfear i láthair é i bhfoirm ghonta agus intuigthe.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Ní bheidh aon dearbhuithe sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní i ndáil le luach na gcripteashócmhainní sa todhchaí, seachas an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Beidh ráiteas soiléir gan débhrí maidir leis na nithe seo a leanas sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:
(a)
féadfaidh an comhartha sócmhainn-tagartha a luach a chailleadh go páirteach nó go hiomlán;
(b)
féadfaidh sé nach mbeidh an comhartha sócmhainn-tagartha inaistrithe i gcónaí;
(c)
féadfaidh sé nach comhartha sócmhainn-tagartha leachtach é an comhartha sócmhainn-tagartha;
(d)
ní chumhdaítear an comhartha sócmhainn-tagartha leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi Threoir 97/9/CE;
(e)
ní chumhdaítear an comhartha sócmhainn-tagartha leis na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Deimhneofar sa ráiteas sin go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní an Teideal seo agus, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta, go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach agus nach bhfuil aon easnamh sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá allmhairiú.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Beidh achoimre sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 5, ina dtabharfar, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó faoi ligean isteach an chomhartha sócmhainn-tagartha sin chun a thrádála atá beartaithe. Beidh an achoimre sothuigthe agus déanfar í a chur i láthair agus a leagan amach i bhformáid shoiléir chuimsitheach, agus úsáid á baint as carachtair atá inléite ó thaobh méide de. San achoimre ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, tabharfar faisnéis iomchuí faoi shaintréithe an chomhartha sócmhainn-tagartha lena mbaineann chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha an chomhartha sócmhainn-tagartha sin cinneadh feasach a dhéanamh. Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:
(a)
ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(b)
ba cheart don sealbhóir ionchasach aon chinneadh maidir le ceannach an chomhartha sócmhainn-tagartha a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní ina iomláine agus níor cheart dó aon chinneadh den sórt sin a bhunú ar an achoimre amháin;
(c)
ní hionann an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus tairiscint nó sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a cheannach agus ní féidir an tairiscint nó an tsirtheoireacht sin a dhéanamh ach amháin trí bhíthin réamheolaire nó doiciméid tairisceana eile de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;
(d)
ní hionann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus réamheolaire amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ná aon doiciméad tairisceana eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
Luafar san achoimre go bhfuil ceart fuascailte ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha tráth ar bith, agus na coinníollacha maidir le fuascailt den sórt sin.
|
|
Airteagal 19 7.
|
Beidh dáta a fhógra agus clár ábhar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 19 8.
|
Tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. I gcás ina dtairgtear an comhartha sócmhainn-tagartha freisin i mBallstát seachas Ballstát baile an eisitheora, tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní freisin i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta
|
|
Airteagal 19 9.
|
Cuirfear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite.
|
|
Airteagal 19 10.
|
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 9. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 19 11.
|
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|