+Airteagal 20 Measúnú ar an iarratas ar údarú
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Measúnú ar an iarratas ar údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Déanfaidh údaráis inniúla a fhaigheann iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 18 measúnú, laistigh de 25 lá oibre ó iarratas den sórt sin a fháil, i dtaobh an gcuimsítear an fhaisnéis uile is gá san iarratas sin, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19. Tabharfaidh siad fógra láithreach don eisitheoir is iarratasóir cibé acu atá nó nach bhfuil faisnéis in easnamh san iarratas, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní. I gcás nach bhfuil an t-iarratas, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, comhlánaithe, leagfaidh na húdaráis inniúla síos spriocdháta faoina mbeidh ar an eisitheoir is iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 60 lá oibre ó iarratas comhlánaithe a fháil, measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an t-eisitheoir is iarratasóir ceanglais an Teidil seo agus déanfaidh siad dréachtchinneadh lán-réasúnaithe lena ndeonaítear údarú nó lena ndiúltaítear údarú. Laistigh den 60 lá oibre sin, féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis maidir leis an iarratas a iarraidh ar an eisitheoir is iarratasóir, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19. Le linn an phróisis measúnaithe, féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, aonaid um fhaisnéis airgeadais nó comhlachtaí poiblí eile.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhíreanna 1 agus 2 ar fionraí ar feadh na tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis atá in easnamh ó na húdaráis inniúla agus an dáta a bhfaighidh siad freagra ina leith ón eisitheoir is iarratasóir. Ní bheidh an fhionraí níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag na húdaráis inniúla aon iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhíreanna 1 agus 2 ar fionraí dá mbarr.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla, tar éis na tréimhse 60 lá oibre dá dtagraítear i mír 2, a ndréachtchinneadh agus an t-iarratas a tharchur chuig ÚBE, ESMA agus BCE. I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir is iarratasóir bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige, nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha, tarchuirfidh na húdaráis inniúla a ndréachtchinneadh agus an t-iarratas chuig banc ceannais an Bhallstáit sin freisin.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Déanfaidh ÚBE agus ESMA, arna iarraidh sin don údarás inniúil, agus laistigh de 20 lá oibre ón dréachtchinneadh agus an t-iarratas a fháil, tuairim a eisiúint maidir lena meastóireacht ar an tuairim dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (e), agus tarchuirfidh siad a dtuairimí faoi seach chuig an údarás inniúil lena mbaineann. Déanfaidh BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear i mír 4 tuairim a eisiúint, laistigh de 20 lá oibre ón dréachtchinneadh agus an t-iarratas a fháil, maidir lena mheastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha sin a eisiúint don chobhsaíocht airgeadais, d’oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, do tharchur beartais airgeadaíochta agus do cheannasacht airgeadaíochta, agus déanfaidh sé a thuairim a tharchur chuig an údarás inniúil lena mbaineann. Gan dochar d’Airteagal 21(4), beidh na tuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo neamhcheangailteach. Breithneoidh an t-údarás inniúil go cuí, áfach, na tuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|