|
+Airteagal 37 6. |
Airteagal 37 6.Áiritheoidh coimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 4 go gcoimeádfar na cúlsócmhainní sin faoi chumhdach ar an mbealach seo a leanas:
(a)
coimeádfaidh institiúidí creidmheasa cistí faoi chumhdach i gcuntas a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa;
(b)
maidir le hionstraimí airgeadais is féidir a choimeád faoi chumhdach, déanfaidh institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa nó na ngnólachtaí infheistíochta agus gach ionstraim airgeadais is féidir a sheachadadh go fisiciúil chuig institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta den sórt sin a choimeád faoi chumhdach;
(c)
maidir le cripteashócmhainní is féidir a choimeád faoi chumhdach, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na cripteashócmhainní a áirítear sna cúlsócmhainní nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin a choimeád faoi chumhdach, i gcás inarb infheidhme, i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;
(d)
maidir le sócmhainní eile, fíoróidh na hinstitiúidí creidmheasa úinéireacht eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus coimeádfaidh siad taifead ar na cúlsócmhainní sin ar deimhin leo ina leith gur le heisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha na cúlsócmhainní sin. Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, áiritheoidh institiúidí creidmheasa go gcláraítear cistí i leabhair na n-institiúidí creidmheasa ar chuntas leithscartha i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE ón gCoimisiún ( 14 ). Osclófar an cuntas sin in ainm eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na cistí atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, áiritheoidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, maidir le gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa agus i leabhair na ngnólachtaí infheistíochta, go gcláraítear í i leabhair na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta ar chuntais leithscartha i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE. Osclófar an cuntas ionstraimí airgeadais in ainm eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na hionstraimí airgeadais atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, osclóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní clár suíomhanna in ainm eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, beidh an measúnú i dtaobh an bhfuil na cúlsócmhainní ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha bunaithe ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid arna soláthar ag eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, ar fhianaise sheachtrach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|