+Airteagal 37 Cumhdach na gcúlsócmhainní
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.
---+Airteagal 37 8.
---+Airteagal 37 9.
---+Airteagal 37 10.
|
Airteagal 37 Cumhdach na gcúlsócmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais chumhdaigh, nósanna imeachta cumhdaigh agus socruithe conarthacha cumhdaigh a bhunú, a choimeád ar bun, agus a chur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a áirithiú i gcónaí:
(a)
ní ualaítear na cúlsócmhainní ná ní ghealltar na cúlsócmhainní mar shocrú comhthaobhachta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
);
(b)
coimeádtar na cúlsócmhainní faoi chumhdach i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;
(c)
tá rochtain phras ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha ar na cúlsócmhainní chun aon iarrataí ar fhuascailt ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha a chomhlíonadh;
(d)
seachnaítear comhchruinnithe i gcoimeádaithe cúlsócmhainní;
(e)
seachnaítear riosca maidir le comhchruinniú cúlsócmhainní.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Beidh beartas cumhdaigh i bhfeidhm ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a eisíonn dhá chomhartha sócmhainn-tagartha nó níos mó san Aontas le haghaidh gach linne sócmhainní. Déanfaidh eisitheoirí éagsúla comharthaí sócmhainn-tagartha a d’eisigh an comhartha sócmhainn-tagartha céanna beartas cumhdaigh aonair a oibriú agus a choimeád ar bun.
|
|
Airteagal 37 3.
|
Coimeádfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas na cúlsócmhainní faoi chumhdach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dháta eisiúna an chomhartha sócmhainn-tagartha:
(a)
soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant, i gcás ina bhfuil na cúlsócmhainní i bhfoirm cripteashócmhainní;
(b)
institiúid creidmheasa, le haghaidh gach cineáil cúlsócmhainní;
(c)
gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn an tseirbhís choimhdeach maidir le slánchoimeád agus riar ionstraimí airgeadais do chuntais cliant dá dtagraítear i Roinn B, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil na cúlsócmhainní i bhfoirm ionstraimí airgeadais.
|
|
Airteagal 37 4.
|
Feidhmeoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha gach scil chuí, cúram cuí agus dícheall cuí agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 3 á roghnú, á gceapadh agus á n-athbhreithniú. Duine dlítheanach nach ionann agus an t-eisitheoir a bheidh sa choimeádaí. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, ag na hinstitiúidí creidmheasa agus ag na gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 3 chun gníomhú mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin, agus cleachtais chuntasaíochta, nósanna imeachta maidir le slánchoimeád agus sásraí rialaithe inmheánaigh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta sin á gcur san áireamh. Áiritheofar le socruithe conarthacha a dhéantar idir eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus na coimeádaithe go ndéantar na cúlsócmhainní arna gcoimeád faoi chumhdach a chosaint i gcoinne éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.
|
|
Airteagal 37 5.
|
Leagfar amach sna beartais chumhdaigh agus sna nósanna imeachta cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 na critéir roghnúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní agus an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheapachán den sórt sin. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha athbhreithniú ar cheapadh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní ar bhonn tráthrialta. Chun críocha an athbhreithnithe sin, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a neamhchosaintí ar choimeádaithe den sórt sin a mheas, agus raon feidhme iomlán a gcaidrimh leo á chur san áireamh, agus déanfaidh siad faireachán ar staideanna airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.
|
|
Airteagal 37 6.
|
Áiritheoidh coimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 4 go gcoimeádfar na cúlsócmhainní sin faoi chumhdach ar an mbealach seo a leanas:
(a)
coimeádfaidh institiúidí creidmheasa cistí faoi chumhdach i gcuntas a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa;
(b)
maidir le hionstraimí airgeadais is féidir a choimeád faoi chumhdach, déanfaidh institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa nó na ngnólachtaí infheistíochta agus gach ionstraim airgeadais is féidir a sheachadadh go fisiciúil chuig institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta den sórt sin a choimeád faoi chumhdach;
(c)
maidir le cripteashócmhainní is féidir a choimeád faoi chumhdach, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na cripteashócmhainní a áirítear sna cúlsócmhainní nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin a choimeád faoi chumhdach, i gcás inarb infheidhme, i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;
(d)
maidir le sócmhainní eile, fíoróidh na hinstitiúidí creidmheasa úinéireacht eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus coimeádfaidh siad taifead ar na cúlsócmhainní sin ar deimhin leo ina leith gur le heisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha na cúlsócmhainní sin.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, áiritheoidh institiúidí creidmheasa go gcláraítear cistí i leabhair na n-institiúidí creidmheasa ar chuntas leithscartha i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE ón gCoimisiún (
14
). Osclófar an cuntas sin in ainm eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na cistí atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, áiritheoidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, maidir le gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa agus i leabhair na ngnólachtaí infheistíochta, go gcláraítear í i leabhair na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta ar chuntais leithscartha i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE. Osclófar an cuntas ionstraimí airgeadais in ainm eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na hionstraimí airgeadais atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, osclóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní clár suíomhanna in ainm eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, beidh an measúnú i dtaobh an bhfuil na cúlsócmhainní ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha bunaithe ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid arna soláthar ag eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, ar fhianaise sheachtrach.
|
|
Airteagal 37 7.
|
Maidir le ceapadh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, tabharfar fianaise ina leith sin trí bhíthin socrú conarthach dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an dara fomhír. Leis na socruithe conarthacha sin, rialófar, i measc nithe eile, an sreabhadh faisnéise is gá chun go mbeidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta in ann a bhfeidhmeanna mar choimeádaithe a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 37 8.
|
Na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe i gcomhréir le mír 4, gníomhóidh siad go hionraic, go cothrom, go gairmiúil, go neamhspleách agus ar mhaithe le leas eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus shealbhóirí na gcomharthaí sin.
|
|
Airteagal 37 9.
|
Na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe i gcomhréir le mír 4, ní dhéanfaidh siad gníomhaíochtaí maidir le heisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha a d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a chruthú idir na heisitheoirí sin, sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus iad féin ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta tar éis feidhmiú a gcúraimí cumhdaigh a scaradh go feidhmiúil agus go hordúil óna gcúraimí a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag baint leo;
(b)
rinne eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint mar is cuí, rinne siad faireachán cuí orthu, rinne siad iad a bhainistiú agus a nochtadh mar is cuí do shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, i gcomhréir le hAirteagal 32.
|
|
Airteagal 37 10.
|
I gcás ina gcailltear ionstraim airgeadais nó cripteashócmhainn atá á coimeád faoi chumhdach de bhun mhír 6, déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, an institiúid creidmheasa nó an gnólacht infheistíochta a chaill an ionstraim airgeadais sin nó an chripteashócmhainn sin ionstraim airgeadais nó cripteashócmhainn de chineál comhionann nó an luach comhfhreagrach a chúiteamh nó a aiseag le heisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha gan moill mhíchuí. Ní bheidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, an institiúid creidmheasa ná an gnólacht infheistíochta lena mbaineann faoi dhliteanas maidir le cúiteamh nó aiseag i gcás inar féidir leis nó léi a chruthú gur tharla an caillteanas mar thoradh ar theagmhas seachtrach nach raibh neart réasúnach aige nó aici air, ar teagmhas é nárbh fhéidir a iarmhairtí a sheachaint in ainneoin gach iarrachta réasúnaí a rinneadh ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|