+Airteagal 47 Plean fuascailte
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
|
Airteagal 47 Plean fuascailte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1.
|
Déanfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha plean oibríochtúil a tharraingt suas agus a choimeád ar bun chun tacú le fuascailt ordúil gach comhartha sócmhainn-tagartha, atá le cur chun feidhme ar chinneadh ón údarás inniúil nach bhfuil an t-eisitheoir in ann nó gur dócha nach mbeidh sé in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh nó i gcás údarú an eisitheora a tharraingt siar, gan dochar do thús a chur le beart coiscthe géarchéime nó beart bainistithe géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointí (101) agus (102), faoi seach, de Threoir 2014/59/AE nó gníomhaíocht réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
18
).
|
|
Airteagal 47 2.
|
Leis an bplean fuascailte, léireofar cumas eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fuascailt a dhéanamh ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha gan íoc a eisíodh gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a dhéanamh dá shealbhóirí ná do chobhsaíocht mhargaí na gcúlsócmhainní. Áireofar sa phlean fuascailte socruithe conarthacha, nósanna imeachta agus córais, lena n-áirítear riarthóir sealadach a ainmniú i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, chun a áirithiú go gcaitear go cothrom le gach sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha agus chun a áirithiú go n-íoctar sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha ar bhealach tráthúil ó na fáltais ó dhíol na gcúlsócmhainní atá fágtha. Áiritheofar leis an bplean fuascailte leanúnachas aon ghníomhaíochtaí criticiúla atá riachtanach don fhuascailt ordúil agus a dhéanann eisitheoirí nó aon eintiteas tríú páirtí.
|
|
Airteagal 47 3.
|
Tabharfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fógra faoin bplean fuascailte don údarás inniúil laistigh de 6 mhí ó dháta an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó laistigh de 6 mhí ó dháta formheasta an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17. Éileoidh an t-údarás inniúil leasuithe ar an bplean fuascailte i gcás inar gá chun a chur chun feidhme cuí a áirithiú agus déanfaidh sé fógra faoina chinneadh lena n-iarrtar na leasuithe sin a thabhairt don eisitheoir laistigh de 40 lá oibre ó dháta fógartha an phlean sin. Cuirfidh an t-eisitheoir an cinneadh sin chun feidhme laistigh de 40 lá oibre ó dháta fógartha an chinnidh sin. Déanfaidh an t-eisitheoir an plean fuascailte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
|
|
Airteagal 47 4.
|
I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin bplean fuascailte d’údarás réitigh agus d’údarás maoirseachta stuamachta an eisitheora. Féadfaidh an t-údarás réitigh an plean fuascailte a scrúdú d’fhonn aon ghníomhaíochtaí sa phlean fuascailte a shainaithint a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar inréiteacht an eisitheora, agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina leith sin.
|
|
Airteagal 47 5.
|
Eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
inneachar an phlean fuascailte agus tréimhsiúlacht an athbhreithnithe, agus méid, castacht agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha agus samhail ghnó a eisitheora á gcur san áireamh; agus
(b)
na truicir chun an plean fuascailte a chur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|