|
+Airteagal 51 15. |
Airteagal 51 15.Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|