|
+Airteagal 53 1. |
Airteagal 53 1.Le cumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chomhartha ríomh-airgid, nó a bhaineann le comhartha ríomh-airgid den sórt sin a ligean isteach chun a thrádála, comhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
(a)
táthar in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá inti;
(b)
tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus níl sí míthreorach;
(c)
tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(d)
luaitear go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus léirítear go soiléir inti seoladh shuíomh gréasáin eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist chun teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|