+Airteagal 56 Comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
---+Airteagal 56 8.
---+Airteagal 56 9.
---+Airteagal 56 10.
|
Airteagal 56 Comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1.
|
Déanfaidh ÚBE comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha i gcás ina gcomhlíontar ar a laghad trí cinn de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1):
(a)
le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcéad tuarascáil ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis na comharthaí sin a thairiscint don phobal nó tar éis a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála; nó
(b)
le linn na tréimhse a chumhdaítear le dhá thuarascáil ar fhaisnéis as a chéile ar a laghad dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 56 2.
|
I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí an comhartha ríomh-airgid céanna, déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 43(1) tar éis na sonraí óna heisitheoirí sin a chomhiomlánú.
|
|
Airteagal 56 3.
|
Tuairisceoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an eisitheora do ÚBE agus do BCE faisnéis atá ábhartha don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 43(1), lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 22, dhá uair sa bhliain ar a laghad. I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige, nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha ríomh-airgid, tarchuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig banc ceannais an Bhallstáit sin freisin.
|
|
Airteagal 56 4.
|
I gcás ina dtagann ÚBE ar an tátal go gcomhlíonann comhartha ríomh-airgid na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ullmhóidh ÚBE dréachtchinneadh chun an comhartha ríomh-airgid a aicmiú mar chomhartha ríomh-airgid suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, d’údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh 20 lá oibre ag eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid den sórt sin, ag a n-údaráis inniúla, ag BCE agus, i gcás inarb infheidhme, ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.
|
|
Airteagal 56 5.
|
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh an aicmeoidh sé comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach laistigh de 60 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 4 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin agus dá údarás inniúil.
|
|
Airteagal 56 6.
|
I gcás inar aicmíodh comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 5, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin ó údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora chuig ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 117(4) laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin. Oibreoidh ÚBE agus an t-údarás inniúil i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.
|
|
Airteagal 56 7.
|
De mhaolú ar mhír 6, maidir le freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil Ballstáit seachas an euro, i gcás ina bhfuil 80 % ar a laghad de líon na sealbhóirí agus de mhéid idirbheart na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha sin comhchruinnithe sa Bhallstát baile, ní aistreofar chuig ÚBE iad. Soláthróidh údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora faisnéis do ÚBE go bliantúil maidir le haon chásanna ina gcuirtear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm. Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar idirbheart a bheith déanta sa Bhallstát baile nuair atá an t-íocóir nó an t-íocaí bunaithe sa Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 56 8.
|
Déanfaidh ÚBE athmheasúnú bliantúil ar aicmiú na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear ó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó ón bhfaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 22. I gcás ina dtagann ÚBE ar an tátal nach gcomhlíonann comharthaí ríomh-airgid áirithe na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) a thuilleadh, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ullmhóidh ÚBE dréachtchinneadh gan an comhartha ríomh-airgid a aicmiú a thuilleadh mar chomhartha suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’eisitheoirí na gcomharthaí ríomh-airgid sin, d’údaráis inniúla a mBallstáit baile, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, an dar fomhír, den Airteagal seo, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh 20 lá oibre ag eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid den sórt sin, ag a n-údaráis inniúla, ag BCE agus ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.
|
|
Airteagal 56 9.
|
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh nach n-aicmeoidh sé comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach a thuilleadh laistigh de 60 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 8 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin agus dá údarás inniúil.
|
|
Airteagal 56 10.
|
I gcás nach n-aicmítear comhartha ríomh-airgid a thuilleadh mar chomhartha ríomh-airgid suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 9, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin ó ÚBE chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile an eisitheora laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin. Oibreoidh ÚBE agus an t-údarás inniúil i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|