|
+Airteagal 60 3. |
Airteagal 60 3.Féadfaidh gnólacht infheistíochta seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar san Aontas atá coibhéiseach leis na seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta dá bhfuil sé údaraithe go sonrach faoi Threoir 2014/65/AE má thugann sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo 40 lá oibre ar a laghad roimh na seirbhísí sin a sholáthar den chéad uair. Chun críocha na míre seo:
(a)
meastar go bhfuil soláthar cumhdaigh agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach leis an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear i Roinn B, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(b)
meastar go bhfuil oibriú ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní coibhéiseach le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí agus oibriú saoráide trádála eagraithe dá dtagraítear i Roinn A, pointí (8) agus (9), faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(c)
meastar go bhfuil malartú cripteashócmhainní le haghaidh cistí agus cripteashócmhainní eile coibhéiseach le déileáil ar a gcuntas féin dá dtagraítear i Roinn A, pointe (3), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(d)
meastar go bhfuil forghníomhú orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach le forghníomhú orduithe thar ceann cliant dá dtagraítear i Roinn A, pointe (2), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(e)
meastar go bhfuil láithriú cripteashócmhainní coibhéiseach le hionstraimí airgeadais a fhrithghealladh nó a láithriú ar bhonn gealltanas daingean agus le hionstraimí airgeadais a láithriú gan bonn gealltanas daingean dá dtagraítear i Roinn A, pointe (6) agus pointe (7), faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(f)
meastar go bhfuil glacadh agus tarchur orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach le horduithe a ghlacadh agus a tharchur i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó dá dtagraítear i Roinn A, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(g)
meastar go bhfuil tabhairt comhairle maidir le cripteashócmhainní coibhéiseach leis an gcomhairle infheistíochta dá dtagraítear i Roinn A, pointe (5), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(h)
meastar go bhfuil bainistiú punainne maidir le cripteashócmhainní coibhéiseach le bainistiú punainne dá dtagraítear i Roinn A, pointe (4), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|