+Airteagal 61 Soláthar seirbhísí cripteashócmhainní ar thionscnamh eisiach an chliaint
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
|
Airteagal 61 Soláthar seirbhísí cripteashócmhainní ar thionscnamh eisiach an chliaint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 61 1.
|
I gcás ina dtionscnóidh cliant atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, ar a thionscnamh eisiach féin, gnólacht tríú tír a shireadh chun seirbhís nó gníomhaíocht cripteashócmhainní a sholáthar, ní bheidh feidhm ag an gceanglas chun údarú a fháil faoi Airteagal 59 maidir le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta cripteashócmhainní sin ag an ngnólacht tríú tír don chliant sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta cripteashócmhainní sin. Gan dochar do chaidreamh ionghrúpa, i gcás ina ndéanann gnólacht tríú tír, lena n-áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann féin nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó aon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, gan beann ar na modhanna cumarsáide a úsáidtear chun sirtheoireacht, cur chun cinn nó fógraíocht a dhéanamh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís é a sholáthraítear ar thionscnamh eisiach an chliaint féin. Beidh feidhm ag an dara fomhír d’ainneoin aon chlásal conarthach nó séanadh a mhaíonn a mhalairt a lua, lena n-áirítear aon chlásal nó séanadh go meastar gur seirbhís a sholáthraítear ar thionscnamh eisiach an chliaint féin é soláthar seirbhísí ag gnólacht tríú tír.
|
|
Airteagal 61 2.
|
Ní fhágfaidh tionscnamh eisiach cliaint féin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh gnólacht tríú tír i dteideal cineálacha nua cripteashócmhainní nó seirbhísí cripteashócmhainní a mhargú don chliant sin.
|
|
Airteagal 61 3.
|
Déanfaidh ESMA, faoin 30 Nollaig 2024, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na cásanna a shonrú ina meastar go bhfuil gnólacht tríú tír ag sireadh cliaint atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas. Chun cóineasú a chothú agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn i ndáil leis an riosca go mbainfí drochúsáid as an Airteagal seo, eiseoidh ÚEUM treoirlínte freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le cleachtais mhaoirseachta chun dul timpeall ar an Rialachán seo a bhrath agus a chosc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|