+Airteagal 66 An oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leasa na gcliant
---+Airteagal 66 1.
---+Airteagal 66 2.
---+Airteagal 66 3.
---+Airteagal 66 4.
---+Airteagal 66 5.
---+Airteagal 66 6.
|
Airteagal 66 An oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leasa na gcliant
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 66 1.
|
Gníomhóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil i gcomhréir le leas a gcliant agus leas a gcliant ionchasach.
|
|
Airteagal 66 2.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis chothrom, shoiléir agus nach bhfuil míthreorach ar fáil dá gcliaint, lena n-áirítear i gcumarsáid mhargaíochta, agus déanfar cumarsáid den sórt sin a shainaithint mar chumarsáid mhargaíochta. Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cliant ar míthreoir, d’aon ghnó ná le faillí, maidir leis na fíorbhuntáistí ná na buntáistí braite a bhaineann le haon chripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 66 3.
|
Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní rabhadh do chliaint maidir leis na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta i gcripteashócmhainní. Agus ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní á oibriú, cripteashócmhainní á malartú ar chistí nó cripteashócmhainní eile, comhairle á tabhairt maidir le cripteashócmhainní nó bainistiú punainne cripteashócmhainní á sholáthar, soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní hipearnaisc dá gcliaint chuig aon pháipéir bhána maidir le cripteashócmhainní le haghaidh na gcripteashócmhainní a bhfuil na seirbhísí sin á soláthar acu ina leith.
|
|
Airteagal 66 4.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mbeartais maidir le praghsáil, costais agus táillí ar fáil go poiblí, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 66 5.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar fáil go poiblí, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin, faisnéis a bhaineann leis na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun gach cripteashócmhainn a eisiúint, a soláthraíonn siad seirbhísí ina leith. Féadfar an fhaisnéis sin a fháil ó na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 66 6.
|
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise dá dtagraítear i mír 5 i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta cripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|