+Airteagal 68 Socruithe rialachais
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
---+Airteagal 68 4.
---+Airteagal 68 5.
---+Airteagal 68 6.
---+Airteagal 68 7.
---+Airteagal 68 8.
---+Airteagal 68 9.
---+Airteagal 68 10.
|
Airteagal 68 Socruithe rialachais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 68 1.
|
Maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, beidh dea-cháil leordhóthanach orthu agus beidh an t-eolas iomchuí, scileanna iomchuí agus taithí iomchuí acu, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann araon, chun a gcuid dualgas a dhéanamh. Go háirithe, ní bheidh comhaltaí chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tar éis a bheith ciontaithe i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó in aon chionta eile a dhéanfadh difear dá ndea-cháil. Léireoidh siad freisin go bhfuil sé ar a gcumas acu dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach.
|
|
Airteagal 68 2.
|
Beidh dea-cháil leordhóthanach ar scairshealbhóirí agus comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu i soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus, go háirithe, nár ciontaíodh iad i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó aon chionta eile a dhéanfadh difear dá ndea-cháil.
|
|
Airteagal 68 3.
|
I gcás inar dócha go ndéanfaidh an tionchar a fheidhmíonn na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dochar do bhainistiú fónta agus stuama an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin, déanfaidh na húdaráis inniúla bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Féadfar a áireamh ar na bearta sin iarratais ar orduithe breithiúnacha nó forchur pionós i gcoinne stiúrthóirí agus iad siúd atá freagrach as bainistiú, nó feidhmiú na gceart vótála a ghabhann leis na scaireanna atá ag na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil na sealúchais cháilitheacha acu a chur ar fionraí.
|
|
Airteagal 68 4.
|
Glacfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach go leor chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
|
|
Airteagal 68 5.
|
Fostóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní pearsanra ag a bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an saineolas atá riachtanach chun na freagrachtaí a leithdháiltear orthu a chomhlíonadh, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 68 6.
|
Déanfaidh comhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní measúnú agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar éifeachtacht na socruithe agus nósanna imeachta beartais a cuireadh i bhfeidhm chun Caibidlí 2 agus 3 den Teideal seo a chomhlíonadh agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin.
|
|
Airteagal 68 7.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gach beart réasúnta chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le feidhmiú a seirbhísí cripteashócmhainní. Chuige sin, bainfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní leas as acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC atá athléimneach agus slán mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554. Bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beartas leanúnachais gnó, lena n-áireofar pleananna leanúnachais gnó TFC chomh maith le pleananna freagartha agus téarnaimh TFC arna mbunú de bhun Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2022/2554 arb é is aidhm dóibh caomhnú sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus cothabháil seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú i gcás briseadh ina gcórais agus nósanna imeachta TFC, nó murar féidir sin, athshlánú tráthúil sonraí agus feidhmeanna den sórt sin agus atosú tráthúil seirbhísí cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 68 8.
|
Beidh sásraí, córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, chomh maith le nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha le haghaidh measúnú riosca, chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh. Déanfaidh siad faireachán agus, ar bhonn tráthrialta, déanfaidh siad meastóireacht ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht na sásraí, na gcóras agus na nósanna imeachta sin, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh, agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin. Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a choimirciú de bhun Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
Airteagal 68 9.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní socrú chun taifead a choinneáil ar na seirbhísí, gníomhaíochtaí, orduithe agus idirbhearta cripteashócmhainní go léir a dhéanann siad. Beidh na taifid sin leordhóthanach chun na húdaráis inniúla a chumasú lena gcúraimí maoirseachta a chomhlíonadh agus bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, agus go háirithe chun a fhionnadh cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na hoibleagáidí uile lena n-áirítear na hoibleagáidí a bhaineann le cliaint nó cliaint ionchasacha agus le sláine an mhargaidh. Déanfar na taifid a choimeádtar de bhun na chéad fhomhíre a sholáthar do na cliaint arna iarraidh sin agus coimeádfar iad ar feadh tréimhse 5 bliana agus, i gcás ina n-iarrfaidh an t-údarás inniúil é sula mbeidh 5 bliana caite, ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana.
|
|
Airteagal 68 10.
|
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:
(a)
na bearta lena n-áirithítear leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú na seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 7;
(b)
na taifid atá le coimeád ar na seirbhísí, na gníomhaíochtaí, na horduithe agus na hidirbhearta cripteashócmhainní go léir faoina dtugtar dá dtagraítear i mír 9.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoi 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|