|
+Airteagal 72 1. |
Airteagal 72 1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh, chun coinbhleachtaí leasa idir na nithe seo a leanas a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh:
(a)
iad féin agus:
(i)
a scairshealbhóirí nó a gcomhaltaí;
(ii)
aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó lena scairshealbhóirí nó lena gcomhaltaí trí rialú;
(iii)
comhaltaí dá gcomhlacht bainistíochta;
(iv)
a bhfostaithe; nó
(v)
a gcliaint; nó
(b)
dhá chliant nó níos mó a bhfuil a leasanna frithpháirteacha ag teacht salach ar a chéile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|