|
+Airteagal 73 1. |
Airteagal 73 1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sheachfhoinsíonn seirbhísí nó gníomhaíochtaí go tríú páirtithe chun feidhmeanna oibríochta a fheidhmiú gach beart réasúnach chun riosca oibriúcháin breise a sheachaint. Leanfaidh siad de bheith freagrach go hiomlán as a n-oibleagáidí go léir a chomhlíonadh de bhun an Teidil seo agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:
(a)
ní bhíonn tarmligean fhreagracht na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar thoradh ar sheachfhoinsiú;
(b)
ní athraíonn seachfhoinsiú an caidreamh idir na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus a gcliaint, ná oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i leith a gcliant;
(c)
ní athraíonn seachfhoinsiú na coinníollacha d’údarú na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;
(d)
oibríonn tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú i gcomhar leis an údarás inniúil i mBallstát baile an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus ní choisceann an seachfhoinsiú feidhmiú fheidhmeanna maoirseachta na n-údarás inniúil, lena n-áirítear rochtain ar an láthair chun teacht ar aon fhaisnéis ábhartha atá ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;
(e)
coinníonn na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann le seachfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
(f)
bíonn rochtain dhíreach ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí seachfhoinsithe;
(g)
áirithíonn soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go gcomhlíonann tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú caighdeáin cosanta sonraí an Aontais. Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír, tá soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní freagrach as a áirithiú go leagtar amach na caighdeáin cosanta sonraí sna comhaontuithe i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|