+Airteagal 76 Ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.
---+Airteagal 76 5.
---+Airteagal 76 6.
---+Airteagal 76 7.
---+Airteagal 76 8.
---+Airteagal 76 9.
---+Airteagal 76 10.
---+Airteagal 76 11.
---+Airteagal 76 12.
---+Airteagal 76 13.
---+Airteagal 76 14.
---+Airteagal 76 15.
---+Airteagal 76 16.
|
Airteagal 76 Ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 76 1.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní rialacha oibriúcháin soiléire agus trédhearcacha a leagan síos, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme don ardán trádála. Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad sna rialacha oibriúcháin sin:
(a)
socrófar na próisis um fhormheas, lena n-áirítear ceanglais maidir le dícheall cuí custaiméara a bheidh i gcomhréir leis an riosca sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an iarratasóir i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, a chuirfear i bhfeidhm sula ligfear isteach cripteashócmhainní ar an ardán trádála;
(b)
déanfar catagóirí eisiaimh, más ann dóibh, a shainmhíniú maidir leis na cineálacha cripteashócmhainní nach ligtear isteach chun a dtrádála;
(c)
leagfar amach na beartais, na nósanna imeachta agus na leibhéil táillí, más ann dóibh, maidir le ligean isteach chun trádála;
(d)
socrófar rialacha oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha agus critéir chomhréireacha maidir le rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí trádála, a chuireann rochtain chothrom agus oscailte ar an ardán chun cinn le haghaidh cliaint ar mian leo trádáil;
(e)
socrófar rialacha agus nósanna imeachta neamhroghnacha chun trádáil chothrom ordúil agus critéir oibiachtúla a áirithiú chun orduithe a fhorghníomhú go héifeachtúil;
(f)
socrófar coinníollacha ionas go bhfanfaidh cripteashócmhainní inrochtana le haghaidh trádála, lena n-áirítear tairseacha leachtachta agus ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil;
(g)
socrófar coinníollacha faoinar féidir trádáil cripteashócmhainní a chur ar fionraí;
(h)
socrófar nósanna imeachta chun socrú éifeachtúil cripteashócmhainní agus cistí a áirithiú.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, luafar go soiléir sna rialacha oibríochta nach ligfear cripteashócmhainn isteach chun a trádála i gcás nár foilsíodh páipéar bán comhfhreagrach maidir le cripteashócmhainní sna cásanna a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 76 2.
|
Sula ligfear isteach cripteashócmhainn chun a trádála, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní go gcomhlíonann an chripteashócmhainn rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus déanfaidh siad oiriúnacht na cripteashócmhainne lena mbaineann a mheasúnú. Agus measúnú á dhéanamh acu ar oiriúnacht cripteashócmhainne, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála meastóireacht, go háirithe, ar iontaofacht na réiteach teicniúil a úsáidtear agus ar an mbaint a d’fhéadfadh a bheith ann le gníomhaíochtaí aindleathacha nó calaoiseacha, agus taithí, cuntas teiste agus clú eisitheoir na gcripteashócmhainní sin agus a fhoirne forbartha á gcur san áireamh. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála measúnú freisin ar oiriúnacht na gcripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d).
|
|
Airteagal 76 3.
|
Coiscfidh rialacha oibriúcháin an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála a bhfuil feidhm anaithnidithe ionsuite acu ach amháin más féidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní sealbhóirí na gcripteashócmhainní sin agus a stair idirbhearta a shainaithint.
|
|
Airteagal 76 4.
|
Déanfar na rialacha oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Má chuirtear oibriú ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní ar fáil i mBallstát eile, déanfar na rialacha oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 76 5.
|
Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní déileáil ar a gcuntas féin ar an ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibríonn siad, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn siad malartú cripteashócmhainní ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile.
|
|
Airteagal 76 6.
|
Ní cheadófar do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní dul i mbun trádáil bhunairgid mheaitseáilte ach amháin i gcás inar thoiligh an cliant leis an bpróiseas sin. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis don údarás inniúil lena míneofar an úsáid a bhaineann siad as trádáil bhunairgid mheaitseáilte. Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar rannpháirtíocht soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i dtrádáil bhunairgid mheaitseáilte, agus áiritheoidh sé go leanfaidh sí de bheith rannpháirteach i dtrádáil bhunairgid mheaitseáilte a thagann faoin sainmhíniú ar an trádáil sin agus nach n-eascróidh coinbhleachtaí leasa idir na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus a gcliaint.
|
|
Airteagal 76 7.
|
Beidh córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní chun an méid seo a leanas a áirithiú maidir lena gcórais trádála:
(a)
go bhfuil siad athléimneach;
(b)
go bhfuil cumas leordhóthanach acu chun déileáil le buaic-líonta orduithe agus teachtaireachtaí;
(c)
go bhfuil siad in ann trádáil ordúil a áirithiú tráth a bhíonn dálaí diana anáis sa mhargadh;
(d)
gur féidir leo orduithe a sháraíonn na tairseacha réamhchinntithe maidir le méid agus praghas nó ar léir go bhfuil siad earráideach a dhiúltú;
(e)
go ndéantar iad a thástáil go hiomlán chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha faoi phointí (a) go (d);
(f)
go bhfuil siad faoi réir socruithe um leanúnachas gnó chun leanúnachas a seirbhísí a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar an gcóras trádála;
(g)
go bhfuil siad in ann drochúsáid margaidh a chosc nó a bhrath;
(h)
go bhfuil siad láidir go leor chun drochúsáid ar mhaithe le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
|
|
Airteagal 76 8.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a n-údarás inniúil ar an eolas nuair a shainaithníonn siad cásanna de dhrochúsáid margaidh nó d’iarracht ar dhrochúsáid margaidh a tharlaíonn ar a gcórais trádála nó trína gcórais trádála.
|
|
Airteagal 76 9.
|
Poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní aon tairiscint agus iarrfaidh siad praghsanna agus leibhéal an leasa trádála ag na praghsanna sin a fhógraítear le haghaidh cripteashócmhainní trína n-ardáin trádála. Cuirfidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn uaireanta trádála.
|
|
Airteagal 76 10.
|
Poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní praghas, méid agus am na n-idirbheart a forghníomhaíodh i leith cripteashócmhainní a trádáladh ar a n-ardáin trádála. Déanfaidh siad na mionsonraí sin le haghaidh gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
|
|
Airteagal 76 11.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní an fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le míreanna 9 agus 10 ar fáil don phobal ar bhonn réasúnta tráchtála agus áiritheoidh siad rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis sin. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis foilsiú i bhformáid atá meaisín-inléite agus leanfaidh sí de bheith foilsithe ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
|
|
Airteagal 76 12.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní tús le socraíocht deiridh idirbhirt cripteashócmhainne ar an mórleabhar dáilte laistigh de 24 uair an chloig ó fhorghníomhú an idirbhirt ar an ardán trádála nó, i gcás idirbheart a shocraítear lasmuigh den mhórleabhar dáilte, faoi dhúnadh an lae ar a dhéanaí.
|
|
Airteagal 76 13.
|
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní go bhfuil a struchtúir maidir le táillí trédhearcach, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus nach gcruthaíonn siad dreasachtaí chun orduithe a chur isteach, a mhodhnú nó a chealú nó chun idirbhearta a fhorghníomhú ar bhealach a gcuireann le coinníollacha trádála mí-ordúla nó le drochúsáid margaidh dá dtagraítear i dTeideal VI.
|
|
Airteagal 76 14.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní acmhainní a chothabháil agus beidh saoráidí cúltaca i bhfeidhm acu chun bheith in ann tuairisciú dá n-údarás inniúil i gcónaí.
|
|
Airteagal 76 15.
|
Coinneoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú i gcripteashócmhainní a fhógraítear trína gcórais ar fáil don údarás inniúil, ar feadh cúig bliana ar a laghad, nó tabharfaidh siad rochtain don údarás inniúil ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh an t-údarás inniúil in ann faireachán a dhéanamh ar an ngníomhaíocht trádála. Beidh saintréithe an ordaithe sna sonraí ábhartha sin, lena n-áirítear na saintréithe sin a nascann ordú leis na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn as an ordú sin.
|
|
Airteagal 76 16.
|
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:
(a)
an chaoi a ndéanfar sonraí trédhearcachta, lena n-áirítear leibhéal imdhealaithe na sonraí atá le cur ar fáil don phobal dá dtagraítear i míreanna 1, 9 agus 10 a chur i láthair;
(b)
inneachar agus formáid na dtaifead leabhar orduithe atá le coimeád mar a shonraítear i mír 15.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|