|
+Airteagal 81 3. |
Airteagal 81 3.I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní in iúl don chliant ionchasach go soláthraítear comhairle ar bhonn neamhspleách, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)
measúnú ar raon leordhóthanach cripteashócmhainní atá ar fáil ar an margadh agus nach mór a bheith éagsúil go leor chun a áirithiú gur féidir cuspóirí infheistíochta an chliaint a bhaint amach go hiomchuí agus nár cheart a bheith teoranta do chripteashócmhainní a eisíonn nó a sholáthraíonn:
(i)
an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní céanna sin;
(ii)
eintitis a bhfuil dlúthnaisc acu leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní céanna sin; nó
(iii)
eintitis eile a bhfuil dlúthchaidrimh dhlíthiúla nó eacnamaíocha ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní céanna sin leo, amhail caidreamh conarthach, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhunús neamhspleách na comhairle a thugtar;
(b)
gan glacadh le táillí, coimisiúin ná aon sochair airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta arna n-íoc nó arna soláthar ag aon tríú páirtí nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann tríú páirtí i ndáil leis an tseirbhís a sholáthar do chliaint, agus gan na táillí, coimisiúin ná sochair sin a choinneáil. D’ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír, ceadófar mionsochair neamhairgeadaíochta atá in ann cáilíocht na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear do chliant a fheabhsú agus atá de scála agus de chineál nach gcuireann siad isteach ar chomhlíonadh oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní gníomhú chun leasa a chliaint i gcásanna ina nochtar go soiléir iad don chliant. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|