|
+Airteagal 84 1. |
Airteagal 84 1.Agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) á dhéanamh acu, tabharfaidh an t-údarás inniúil breithmheas ar oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus ar fhóntacht airgeadais na héadála beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 83(1) i gcoinne gach ceann de na critéir seo a leanas:
(a)
clú an fhaighteora bheartaithe;
(b)
clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de thoradh na héadála beartaithe;
(c)
fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe, go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó a bheartaítear agus a shaothraítear i leith an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina bhfuil an éadáil beartaithe;
(d)
an mbeidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní in ann forálacha an Teidil seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;
(e)
an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras, i dtaca leis an éadáil bheartaithe, go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) agus (5), faoi seach, de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh, nó gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena dhéanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|