|
+Airteagal 85 3. |
Airteagal 85 3.Gan dochar do fhreagrachtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile nuashonruithe bliantúla a sholáthar do Bhord Maoirseoirí ESMA maidir leis na forbairtí maoirseachta seo a leanas i ndáil le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha:
(a)
údaruithe atá fós ar siúl nó a tugadh i gcrích, ar údaruithe iad dá dtagraítear in Airteagal 59;
(b)
próisis atá fós ar siúl nó a tugadh i gcrích maidir le húdaruithe a tharraingt siar, ar próisis iad dá dtagraítear in Airteagal 64;
(c)
cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú mar a leagtar amach in Airteagal 94(1), an chéad fhomhír, pointí (b), (c), (e), (f), (g), (y) agus (aa). Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile nuashonruithe níos minice a sholáthar do Bhord Maoirseoirí ESMA, nó fógra a thabhairt dó sula ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile aon chinneadh maidir leis an gcéad fhomhír, pointí (a), (b) nó (c). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|