|
+Airteagal 94 3. |
Airteagal 94 3.Chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoi Theideal VI, beidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, sa bhreis ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla:
(a)
rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip den doiciméad sin nó de na sonraí sin a fháil nó a ghlacadh;
(b)
faisnéis a iarraidh ar aon duine nó a éileamh ar aon duine, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu go comhleanúnach le tarchur na n-orduithe nó le seoladh na n-oibríochtaí lena mbaineann, chomh maith lena bpríomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm nó a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;
(c)
dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhoirm a urghabháil, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun cás maidir le déileáil cos istigh nó le cúbláil margaidh a chruthú;
(d)
ábhair a tharchur i gcomhair ionchúiseamh coiriúil;
(e)
a mhéid a cheadaítear é faoin dlí náisiúnta, taifid atá ann cheana ar thrácht sonraí atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le sárú agus i gcás ina bhféadfadh taifid den sórt sin a bheith ábhartha maidir leis an imscrúdú ar shárú ar Airteagail 88 go 91;
(f)
reo nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;
(g)
toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;
(h)
na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas ceart ag an bpobal, inter alia, trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n-áirítear trína chur de cheangal ar thairgeoir, ar dhuine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, ar eisitheoir nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|