+Airteagal 102 Bearta réamhchúraim
---+Airteagal 102 1.
---+Airteagal 102 2.
---+Airteagal 102 3.
|
Airteagal 102 Bearta réamhchúraim
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 102 1.
|
I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe drochamhrais ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh go bhfuil neamhrialtachtaí i ngníomhaíochtaí tairgeora nó duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, cuirfidh sé é sin in iúl go pras d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus do ESMA. I gcás ina mbaineann na neamhrialtachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó seirbhís cripteashócmhainní atá gaolmhar le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh ÚBE ar an eolas freisin.
|
|
Airteagal 102 2.
|
Más rud é, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, go leanann na neamhrialtachtaí dá dtagraítear i mír 1, arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile, ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE a chur ar an eolas, bearta iomchuí chun cliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint, go háirithe sealbhóirí miondíola. Áirítear ar na bearta sin cosc a chur ar an tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach. Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA, agus i gcás ina bhfuil sé rannpháirteach, ÚBE, an Coimisiún ar an eolas dá réir sin gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 102 3.
|
I gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil an Bhallstáit baile le haon cheann de na bearta arna ndéanamh ag údarás inniúil de chuid an Bhallstáit óstaigh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé ESMA a chur ar an eolas faoi. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcásanna den sórt sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbaineann na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó le seirbhís cripteashócmhainní a bhfuil baint aici le comharthaí sócmhainn-tagartha nó le comharthaí ríomh-airgid, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh ÚBE a chur ar an eolas faoi. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i gcásanna den sórt sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|