+Airteagal 110a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
---+Airteagal 110a 1.
---+Airteagal 110a 2.
---+Airteagal 110a 3.
---+Airteagal 110a 4.
---+Airteagal 110a 5.
---+Airteagal 110a 6.
|
Airteagal 110a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 110a 1.
|
Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 88(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
20
). Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an eisitheora, ainmneacha uile an tairgeora nó ainmneacha uile an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tairgeora nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
i gcás daoine dlítheanacha, méid, de réir catagóire, an eisitheora, an tairgeora nó an duine, atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
|
|
Airteagal 110a 2.
|
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
|
|
Airteagal 110a 3.
|
Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
|
|
Airteagal 110a 4.
|
Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 109 agus 110 den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA. Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, ainmneacha uile eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid agus ainmneacha uile an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;
(iii)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
|
|
Airteagal 110a 5.
|
Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
(b)
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 110a 6.
|
I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte i gcomhair eintiteas chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|