+Airteagal 115 Tuairisciú ar phionóis riaracháin agus ar bhearta eile riaracháin do ESMA agus ÚBE
---+Airteagal 115 1.
---+Airteagal 115 2.
---+Airteagal 115 3.
|
Airteagal 115 Tuairisciú ar phionóis riaracháin agus ar bhearta eile riaracháin do ESMA agus ÚBE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 115 1.
|
Soláthróidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA agus do ÚBE maidir leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 111. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil. I gcás inar leag Ballstáit síos, i gcomhréir le hAirteagal 111(1), an dara fomhír, pionóis choiriúla as na sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear ann, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh a sholáthar do ÚBE agus do ESMA ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh pionóis choiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
|
|
Airteagal 115 2.
|
I gcás inar nocht an t-údarás inniúil pionóis riaracháin, bearta riaracháin nó pionóis choiriúla eile don phobal, déanfaidh sé iad sin a thuairisciú do ESMA an tráth céanna.
|
|
Airteagal 115 3.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE agus ESMA ar an eolas maidir le gach pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a forchuireadh ach nár foilsíodh, lena n-áirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh údaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon phionós coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear faoi bhráid ÚBE agus ESMA iad. Coinneoidh ESMA bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin a chuirtear in iúl dó chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Ní bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin ach ag ÚBE, ag ESMA agus ag na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na húdaráis inniúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|