+Airteagal 117 Freagrachtaí maoirseachta ÚBE i leith eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha
---+Airteagal 117 1.
---+Airteagal 117 2.
---+Airteagal 117 3.
---+Airteagal 117 4.
---+Airteagal 117 5.

Airteagal 117 Freagrachtaí maoirseachta ÚBE i leith eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 117 1.
I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainn-tagartha a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 43 nó le hAirteagal 44, déanfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin a chuid gníomhaíochtaí faoi mhaoirseacht ÚBE.

Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás inniúil náisiúnta faoi mhír 2 den Airteagal seo, feidhmeoidh ÚBE cumhachtaí na n-údarás inniúil a thugtar le hAirteagail 22 go 25, 29, 33, Airteagal 34(7) agus (12), Airteagal 35(3) agus (5), Airteagal 36(10) agus Airteagail 41, 42, 46 agus 47 maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha.

Airteagal 117 2.
I gcás ina soláthróidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh seirbhísí cripteashócmhainní freisin nó ina n-eiseoidh sé cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha iad, fanfaidh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit baile.
Airteagal 117 3.
I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainn-tagartha a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 43, déanfaidh ÚBE athmheasúnú maoirseachta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-eisitheoir Teideal III.
Airteagal 117 4.
I gcás inar aicmíodh comhartha ríomh-airgid arna eisiúint ag institiúid ríomh-airgid a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 56 nó le hAirteagal 57, déanfaidh ÚBE maoirsiú ar chomhlíonadh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh den sórt sin Airteagal 55 agus 58.

Chun críocha na maoirseachta ar chomhlíonadh Airteagail 55 agus 58, feidhmeoidh ÚBE cumhachtaí na n-údarás inniúil a thugtar dóibh le hAirteagail 22 agus 23, Airteagal 24(3), Airteagal 35(3) agus (5), Airteagal 36(10) agus Airteagail 46 agus 47 a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí sócmhainn-airgid suntasacha.

Airteagal 117 5.

Feidhmeoidh ÚBE a chumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4 i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla eile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eisitheoir, go háirithe:

(a) 

an t-údarás maoirseachta stuamachta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(b) 

údaráis inniúla ábhartha faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/110/CE, i gcás inarb infheidhme;

(c) 

na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.