|
+Airteagal 123 1. |
Airteagal 123 1.Chun a fhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh faoi Airteagal 117 den Rialachán seo, féadfaidh ÚBE imscrúduithe a dhéanamh maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha. Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le cur i gcrích a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)
cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a thógáil a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó a comhlacht bainistíochta nó a fhoireann, a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir an imscrúdaithe agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí. Cuirfear coláiste amhail dá dtagraítear in Airteagal 119(1) ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le cur i gcrích a chúraimí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|