|
+Airteagal 142 2. |
Airteagal 142 2.Beidh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
measúnú ar fhorbairt an airgeadais dhíláraithe i margaí i gcripteashócmhainní agus ar láimhseáil rialála iomchuí na gcóras cripteashócmhainní díláraithe gan eisitheoir ná soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé maoiniú díláraithe a rialáil;
(b)
measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé iasachtú agus iasachtaíocht cripteashócmhainní a rialáil;
(c)
measúnú ar láimhseáil na seirbhísí a bhaineann le haistriú comharthaí ríomh-airgid, i gcás nach dtugtar aghaidh orthu i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir (AE) 2015/2366;
(d)
measúnú ar fhorbairt margaí i gcripteashócmhainní uathúla agus neamh-idirmhalartacha agus ar láimhseáil rialála iomchuí na gcripteashócmhainní sin, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé rialáil a dhéanamh ar thairgeoirí cripteashócmhainní uathúla agus neamh-idirmhalartacha, agus freisin ar sholáthraithe seirbhísí a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|