+Airteagal 10 Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
|
Airteagal 10 Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Toirmiscfear próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmiscfear próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an t sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 má tá feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:
|
(a)
|
thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, seachas i gcás ina bhfuil foráil déanta i ndlí an Aontais nach bhféadfaidh an t-ábhar sonraí an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a chur i leataobh, nó
|
|
(b)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe le dlí an Aontais lena bhforáiltear do choimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí;
|
|
(c)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil,
|
|
(d)
|
déanann comhlacht seachbhrabúsach, ar eintiteas é atá comhtháite in institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais agus a bhfuil aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó cheardchumannachais aige, an phróiseáil agus é i mbun gníomhaíochtaí dlisteanacha le coimircí iomchuí, ar choinníoll nach mbaineann an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiarchomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht maidir lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú ó na hábhair sonraí;
|
|
(e)
|
baineann an phróiseáil le sonraí pearsanta ar follasach gur chuir an t-ábhar sonraí ar fáil go poiblí iad;
|
|
(f)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó tráth ar bith a bhíonn an Chúirt Bhreithiúnais ag gníomhú faoina cumas breithiúnach;
|
|
(g)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a dhéanfaidh foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú;
|
|
(h)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha leighis choiscthigh nó ceirde, chun measúnú a dhéanamh ar chumas oibre an fhostaí, diagnóis leighis, cúram sláinte nó cóireáil shóisialta a sholáthar nó bainistiú córas nó seirbhísí cúram sláinte nó sóisialta ar bhonn dhlí an Aontais nó de bhun conradh le gairmí sláinte agus faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 3;
|
|
(i)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, amhail cosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte nó chun ardchaighdeáin cháilíochta agus slándála a áirithiú do chúram sláinte agus do tháirgí íocshláinte nó d’fheistí leighis, ar bhonn dhlí an Aontais lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun go ndéanfar cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, go háirithe an rúndacht ghairmiúil, a choimirciú; nó
|
|
(j)
|
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh bunaithe ar dhlí an Aontais a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a dhéanfaidh foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú.
|
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Féadfar sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil chun na críocha dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 nuair a dhéanann gairmí na sonraí sin a phróiseáil nó nuair a dhéantar iad a phróiseáil faoi fhreagracht gairmí, ar gairmí é atá faoi réir oibleagáide rúndachta gairmiúla faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla, nó má phróiseálann duine eile iad atá faoi réir oibleagáid rúndachta freisin faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|