+Airteagal 17 Ceart rochtana don ábhar sonraí
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
|
Airteagal 17 Ceart rochtana don ábhar sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá cibé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil, agus, i gcás ina bhfuil, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
críocha na próiseála;
|
|
(b)
|
catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;
|
|
(c)
|
na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
|
|
(d)
|
i gcás inar féidir, fad na tréimhse a mheastar go stórálfar na sonraí pearsanta, nó i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
|
|
(e)
|
is ann don cheart ceartú nó léirscriosadh sonraí pearsanta nó srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a iarraidh ar an rialaitheoir, nó, don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála sin;
|
|
(f)
|
an ceart gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
|
|
(g)
|
i gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse;
|
|
(h)
|
is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, faisnéis fhónta ar an loighic lena mbaineann, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.
|
|
|
Airteagal 17 2
|
2. I gcás ina n-aistrítear sonraí pearsanta go dtí tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí faisnéis a fháil maidir leis na coimircí iomchuí, de bhun Airteagal 48, a bhaineann leis an aistriú.
|
|
Airteagal 17 3
|
3. Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh trí mheán leictreonach, agus mura n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta.
|
|
Airteagal 17 4
|
4. An ceart cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfaidh sé dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|